Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Logainmneacha Inis Bó Finne. Tá míniú ar chuid acu le cois scéalta beaga ag baint le cuid acu fosta – Barr an Ghoib, Cúl na Leic, Tobar Mhuiris, Tobar an Bhrí, Tobar Sheáin Óig, Na Carr Dhonnchaidh, Tóin an tSean tSochaí, An Garra Bán, An Staca Bán, Leac na Mónadh, Scoilt na gCoirín, Scoilt na hAltóra (altóir le linn am na bpéindlithe), Scoilt na gColmán, Scoilt na Seangán, Scoilt an Ghearráin Mhóir (tá tobar ag a thaobh ina bhfuil boinn), Scoilt Bun an Chlaí, Scoilt an Mhairnéalaigh, Scoilt na Bó (thit bó síos ann), Scoilt Phaidí, Scoilt na Muiríní. | 00:08:39 | |
Logainmneacha – Scoilt an Duileasc Bhig. Tá tinne óir ina luí amuigh ón chósta faoin ghaineamh fosta, thit sé ó bhád na Sasanach agus iad ag tabhairt an óir amach chuig bád eile. Tobar Ceann an Trá, tá an tobar thíos ins na clocha. Tá an trá ansin fosta agus na hainmneacha atá ar sin – Ceann Thoir den Trá, Lár na Trá agus an Ceann Thiar. Tá an dá cheann sábháilte ach tá Lár na Trá iontach contúirteach.
Creig Mhór Ceann an Trá ar an taobh thoir den trá. Briseadh soitheach éadaigh ar an chreig sin am amháin. Fuair muintir an oileáin rópa a fháil amach leis na seoltóirí a thabhairt ‘un tíre ach bádh gasúr beag 12 bliana d’aois a thit de dhroim an chaptaein agus é a iompair ‘un tíre. Tá an gasúr beag curtha ar an oileán.
Droim na Trá – tá 3 chorp curtha ansin as bád a tháinig isteach i gceann de na Scoilteanna. B’as an Bhreatain Bheag iad. Tá áit eile le cúpla ainm, Casán an Bháid ach dar le seanfhear a bhí ar an oileán gur Casán an Bháis nó Casán na gCorp a bhí air siocair na daoine uilig a bhí á gcur am amháin ar an oileán (muintir na tíre ina measc). | 00:05:05 | |
Tuilleadh logainmneaha: An Curr. Cládach an Bháchráin. Creig Carn na mBeach. Scoilt an Bhruscaire. Scoilt an Bhuidéil. Scoilt Oileán na Marbh (an áit ar mharaigh na Sasanaigh léir na hoileánaigh go leir). Scoilt na Ribe Ruaidhe (bheir na Sasanaigh ar chailín le gruaig rua ansin agus d’inis siad di dá n-insíodh sí cá háit a raibh na hoileánaigh i bhfolach, go spáráladh siad í ach ní sin mar a tharla). Scoilt an Droichid. Scoilt na dTor. Scoilt na Mairnéalaigh. Loch an Líon (cailleadh fear ann am amháin). Gob na Treoig (scéal faoi ghasúr a bádh). Oileán an Ghamhna. An Mhainnar. Scoilt na gCaorach. Poll na Seideoige. Buille Mhuilinn. An Scoilt Gheal. Uaigh Máire na Maighdeoige. Scoilt Harry. Scoilt na bhFaochóg Mór. Rann na gCarn Dubh. Creig an Duibheannaigh. An Phort Beag. | 00:12:51 | |
Tuilleadh logainmneacha. Ina measc, An Clochán agus an fáth ar tugadh an t-ainm sin air. An Barr. An Scraith. An Garradh Bán. An Páirc Úr agus an Talamh Scallta. An Mullach Bán. An Portach. An Tobar Mór. Port na Bothóige. | 00:07:58 | |
Oileán Inis Bó Finne agus a logainmneacha:
Áit ar chúl an oiléain ar a dtugtar Oileán na Marbh agus scéal faoin am céad bliain ó shin nuair a chuaigh na Sasanaigh isteach. Chuaigh na daoine i bhfollach agus chuir na Sasanaigh ceist ar ghirseach óg amháin a bhí fágtha cá raibh an chuid eile de na daoine. D’inis sí daofa agus bhain siad an ceann di ach mharaigh fear eile an fear a mharaigh í. Tugtar Scoilt na Ribe Ruaidh, gruaig rua a bhí ar an ghirseach, ar an áit ar thit an fear a mharaigh í síos ann. Ach maraíodh na daoine uilig ar an oileán. | 00:02:32 | |
Seanchas ainm Inis Bó Finne. Tá ceangal idir Inis Bó Finne i gConnacht agus an ceann seo le Naomh Colmán ag turas ó cheann go ceann. Tá scoilteanna sa talamh agus deirtear go raibh na athair naofa as An Ardaí ann la amháin ar saoire agus gur leigh siad aifreann ann, chuir na daoine clocha thart air agus anois tá sean altóir ann. Tá scéalta difriúla faoin áit seo, altóir nó áit follaigh dona sagairt i rith am na bpéindlíthe, tá áit coimhéadach ann. Tá áit eile ar a dtugtar Scoilt na gColmán, measann Dinny gur ainmníodh seo i diaidh Naomh Colmán, gur seo an áit a thagtaí Naomh Colmán chun tíre.
Tobair an oileáin. Tréan uisce sna tobair. Tá loch mór thíos futhu.
Scéal fosta faoin dóigh a fuair an t-oileán a ainm ó chreig. Deir sé fosta gur bó an sean ainm ar inis. | 00:06:20 | |